Baile arrow Eagrú arrow Pleanáil d'fhorbairt scoile arrow Próiseas PFS arrow Athbhreithniú scoile
Athbhreithniú scoile | Print |
Tosaíonn próiseas pleanála d’fhorbairt na scoile le hathbhreithniú ar an scoil iomlán. Mar chuid de seo tá measúnú ar réaltacht churaclaim agus eagraíochta reatha – na rudaí ar fad a bhfuil ag éirí leo agus na gníomhaíochtaí sin a gcaithfear nuashonrú, scagadh nó athbhreithniú a dhéanamh orthu. Má tá an t-athbhreithniú chun a bheith níos mó ná cónascadh de thuairimí gan bhunús de chuid na rannpháirtithe caithfidh na fíricí cearta a bheith ar eolas aige. Conlófar na fíricí seo ó anailís ar chineálacha éagsúla sonraí. Seans go mbeidh go leor sonraí ar fáil ag scoileanna, go leor dó nach n-úsáidtear a dóthain. Beidh torthaí scrúduithe de gach cineál, taifid tinreamh, nótaí breathnóireachta múinteoirí, dialanna daltaí, próifílí agus punanna, cóipleabhair, faisnéis maidir le timpeallacht na scoile, aiseolas tuismitheoirí agus daltaí, agus aiseolas ón meastóireacht scoile uile ann. Má tharlaíonn sé nach bhfuil sonraí iomchuí ann, caithfidh scoileanna na fíricí cearta a fháil, sa chaoi gur féidir le breithiúnais agus cinntí a bheith cuí agus feasach.

Ag scríobh dó i 1999, dúirt an tOllamh John MacBeath go bhfuil leanbh cúig bliana d’aois ábalta a mheas cé chomh maith is atá sé/sí ag déanamh ach trí cheist a chur:

  • Céard atáim go maith ag?
  • Céard is féidir liom a fheabhas?
  • Cé a chabhróidh liom?

 

Oibreoidh na ceisteanna céanna do scoil a staid reatha a mheas.

Mar sin féin, tá go leor staideanna taobh istigh de phobal na scoile. Feiceann daltaí an scoil ón mbun aníos. Feiceann tuismitheoirí an scoil trí shúile agus trí thaithí a leanaí. Beidh sé difriúil don bhainistíocht. Tá seasamh eile ag an bhfoireann. Fásfaidh tuairim níos cothroime má chónasctar freagraí bhaill de phobal na scoile ar an trí cheist thuas.

 

“Ag Breathnú ar an Scoil Againne”

D’eisigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta foilseachán an DES "Ag Breathnú ar an Scoil Againne" chuig scoileanna mar uirlis d’fhéin-luacháil scoile.

 Cliceáil anseo chun "Ag Breathnú ar an Scoil Againne" a léamh i bhfoirm html

Comhthéacs

 

Dreachann an tAcht Oideachais, 1998 go soiléir freagracht an Aire Oideachais agus Eolaíochta maidir le cinnteacht cáilíochtaí laistigh den chóras oideachais go ginearálta. Faoi Alt 7(2)(b) den Acht tá ceangal ar an Aire “... faireachán agus measúnacht a dhéanamh ar cháilíocht .... agus éifeachtacht an chórais oideachais a chuireann aitheanta agus lárionaid oideachais ar fáil sa Stát, ...

”Tá Éire, chomh maith le tíortha Eorpacha eile, ag glacadh samhail chinnteachta cháilíochta a chuireann béim ar athbhreithniú inmheánach scoile agus féin-luacháil a théann i dtreo phleanáil d’fhorbairt scoile, le tacaíocht ó luacháil eachtrach ón gCigireacht, a bhfuil freagracht uirthi faoi Alt 13(3)(b) den Acht “meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht agus ar éifeachtacht sholáthar oideachais sa Stát ... agus tuarascáil a thabhairt don Aire ar an gcéanna.”

 

 

Ról na scoile i gcinnteacht cáilíochtaí

Tá cothú cháilíocht an oideachais i mbunscoileanna aonaracha mar phríomh-aidhm ag beartas oideachais in Éirinn. Tá ról tábhachtach ag na scoileanna féin sa tasc cleachtas maith a aithint chomh maith le háiteanna a dteastaíonn forbairt bhreise uathu.

Tá lárnacht ról na scoile maidir le luacháil agus forbairt soiléir ón ráiteas seo a leanas: “... forais choimpléascacha iad scoileanna ina dtarlaíonn athrú amháin trí ghéilleadh inmheánach ón bhfoireann agus ón mbainistíocht maidir le láidreachtaí na scoile agus an gá atá le gníomhú sna réimsí gníomhaíochta sin ina dteastaíonn forbairt bhreise.” (Tuarascáil ar Thionscadal Píolótach 1998/1999 maidir le Luacháil Scoil Iomlán, lth.49).

Tá sé riachtanach go mbeidh rochtain ag foireann agus bainistíocht scoile ar fhearais agus ar mhodheolaíocht a chabhróidh leo, trí athbhreithniú inmheánach, féin-luacháil agus pleanáil, na cáilíochtaí sin a bhaint amach ar mian leo a bhaint amach chun go bhféadfaidh bunscoileanna páirt a ghlacadh go héifeachtach i ngníomhaíocht chinnteacht cháilíochta. Tá na téamaí luachála i "Féachaint ar ár Scoil" deartha chun bunús a thabhairt do scoileanna a bhfeidhmíocht féin a luacháil agus áiteanna a ainmniú a dteastaíonn forbairt bhreise uathu.

 

Fachtóirí Comhthéacs Scoile agus an próiseas féin-luachála

Chomh maith le hoibriú i gcomhthéacs náisiúnta, oibríonn gach bunscoil laistigh de chomhthéacs áitiúil an-sonrach. Ar na fachtóirí
áitiúla a mbíonn tionchar acu ar an scoil tá:
  • méid, suíomh agus ceantar na scoile
  • imthosca soch-eacnamaíochta na mac léinn agus an phobail, lena n-áirítear fáil ar fhostaíocht áitiúil agus patrúin
  • riachtanais speisialta na ndaltaí
  • acmhainní daonna, fisiceacha, agus ábhartha ar fáil ag an scoil.

Oibríonn na fachtóirí comhthéacs seo mar chúlra d’obair na scoile, agus ba chóir go gcoinneodh aon fhéin-luacháil de chuid na scoile iad go mór chun tosaigh. Chomh maith le bheith tábhachtach chun críche athbhreithnithe inmheánaigh, tá tosca comhthéacs scoile lárnach chomh maith do phróiseas pleanála na scoile.

Struchtúr na dtéamaí luachála

Soláthraíonn an cáipéis sraith téamaí ar féidir le bunscoil athbhreithniú agus féin-luacháil a dhéanamh ar a feidhmíocht féin fúthu. Cuimsíonn na téamaí seo cúig toise, nó réimse leathan, d’oibriú na scoile, mar a leanas:

  • bainistiú scoile
  • pleanáil scoile
  • soláthar curaclaim
  • foghlaim agus múineadh i réimsí curaclam
  • tacaíocht do dhaltaí.

Tá gach ceann de na RÉIMSÍ roinnte i líon GNÉITHE, a sheasann do ghníomhaíochtaí difriúla a chomhdhéanann réimse d’oibriú na scoile a bheidh á luacháil. Tá na gnéithe briste síos tuilleadh ina gCOMHÁBHAIR ina bhfuil TÉAMAÍ aitheanta mar bhunús luachála do gach ceann acu.

Na téamaí a úsáid i gcomhthéacs féin-luachála

Ba chóir na téamaí luachála seo a fheiceáil mar áis chun cabhrú le bainistíocht agus foireann bunscoile breithiúnas proifisiúnta a dhéanamh maidir le feidhmiú na scoile. Tuigtear, cé go bhfuil na téamaí luachála cuimsitheach, go bhfuil gnéithe eile dá feidhmiú a mbeadh scoil ag iarraidh a luacháil b’fhéidir. I gcásanna mar seo, féadfar breithiúnas a dhéanamh ar bhun deá-chleachtais inghlactha nó táscairí eile cuí.

Nuair a bheidh bunscoil ag dul i ngleic le gníomh féin-luachála, féadfaidh sí a chinneadh díriú ar Áit, Gné nó Téama dá gníomhaíochta. Agus an cinneadh seo á dhéanamh, tá an scoil curtha i dtreo réimse cuí téamaí luachála a fhéadfar a úsáid mar threoir ina feidhmíocht féin a mheas nó a thomhais. Chun a bheith in ann breithiúnas a dhéanamh, baileoidh an scoil faisnéis i ndáil leis an téama nó na téamaí atá á luacháil. Tar éis don scoil páirt a ghlacadh i bpróiseas bailiúcháin agus anailíse na faisnéise agus na fianaise seo, beidh sí in ann ráiteas nó ráitis a dhéanamh ag léiriú a feidhmíocht féin i dTéama, i ngné nó in áit chuí a gníomhaíochta. Le chéile, foinse luachmhar faisnéise agus peirspictíochta a bheidh sna ráitis seo i bpleanáil d’fhorbairt scoile ina dhiaidh seo agus i gcomhthéacs luachála eatramhaigh.

 

 

Nuair a bheidh feidhmíocht scoile á meas faoi aon téama, d’fhéadfadh sé a bheith úsáideach smaoineamh ar chontanam caighdeánach ina bhfuil roinnt pointí tagartha a sheasann do chéimeanna d’fhorbairt sa phróiseas feabhsúcháin.

Tá ceithre leibhéal (le héagsúlacht) i gcontanam a úsáidtear go coitianta –

  • láidreachtaí sonracha (comh-láidir),
  • láidreachtaí níos mó ná laige (níos mó láidreachtaí na laige),
  • laige níos mó ná láidreachtaí (níos mó laige ná láidreachtaí),
  • laige mhór/shonrach (comh-laige).

 

Cabhróidh aitheantas ón scoil ar a seasamh ar chontanam den sórt sin i ndáil le líon téamaí lena láidreachtaí a aithint chomh maith lena háiteanna sin dá feidhmíocht is dóigh léi a dteastaíonn feabhas agus forbairt bhreise uathu.

 

 

Prionsabail chothromaíochta

De réir an Achta Oideachais, 1998, is é beartas na Roinne Oideachais agus Eolaíochta ná prionsabail chothromaíochta a chur chun cinn agus tacú leo, lena n-áirítear cothromaíocht inscne, sa bhunoideachas. Faoi Alt 9(e) den Acht tá ceangal ar scoil “chun comhionannas deiseanna a chur chun cinn do mhic léinn agus d’fhoireann na scoile, idir fhireannaigh agus bhaineannaigh”.

Léiríonn téamaí luachála na scoile sa cháipéis prionsabail chothromaíochta in oideachas agus cabhróidh siad le bunscoileanna a chinntiú go gcomhlíonann cleachtais agus beartais scoile na ceanglais chothromaíochta. Cabhróidh na téamaí dá bhrí sin le pleanáil, cur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn maidir le saincheisteanna cothromaíochta ar fud na scoile.

 

Conclúid

Tá sé beartaithe go ndéanfar nuashonrú leanúnach ar théamaí luachála chun athruithe sna bunscoileanna agus sa chóras oideachais go ginearálta a léiriú. Ar an dóigh seo, leanfaidh siad de bheith ina gcabhair agus de bheith cuí do scoileanna san athbhreithniú inmheánach agus sna gníomhaíochtaí féin-luachála mar chuid de phróiseas pleanála d’fhorbairt na scoile.

 

Íoslódáil athbhreithnithe scoile 

pdf LDDB