|
De réir dealraimh beidh liosta sách fada ar an athbhreithniú scoile ina mbeidh míreanna a dteastaíonn aird uathu. Beidh míreanna áirithe níos práinní, nó níos tábhachtaí ná a chéile. Soláthraíonn PFS meicníocht inar féidir le scoileanna tosaíocht a thabhairt don liosta, ag cinntiú go bhfaighidh saincheisteanna tábhachtacha aird ar an bpointe, agus go rachaidh míreanna nach bhfuil chomh tábhachtach chuig bun an liosta, le déileáil leo nuair is féidir má bhíonn an t-am ann. D’fhéadfadh tosaíocht a bheith bainteach le riachtanais aitheanta na scoile féin. D’fhéadfadh tosaíocht teacht as tionscnaimh agus cláir náisiúnta. Féadfaidh scoileanna an liosta tosaíochta a úsáid chun pleananna gearrthéarmacha agus fadtéarmacha a dhearadh.
Bileog Oibre Tosaíochta
|