Plean gnímh | Print |

Caithfear spriocanna a aithint mar chuid de phleanáil gníomhaíochta agus nuair a shroichfear iad, beidh tosaíocht fhorbartha mar thoradh air. Ba chóir do spriocanna a bheith sonrach, intomhaiste, so-aimsithe, réadúil agus ionúil. Ba chóir don obair a déantar a bheith cuí agus réadúil, ag díriú den chuid is mó ar fhoghlaim an linbh. Dá bharr seo, beidh gníomhaíochtaí d’fhorbairt á luacháil ar bhonn leanúnach chun a mheasúnú an ndéanann siad difríocht d’fhoghlaim an linbh. Tá soiléiriú ar rólanna agus ar fhreagrachtaí ríthábhachtach d’éifeachtacht phleanála. Tá an cás céanna amhlaidh do theorainneacha ama a aithint ina gcríochnófar gníomhaíochtaí gearrthéarmacha agus féadfaidh an scoil gluaiseacht ar aghaidh go dtí an chéad tosaíocht eile.