Baile arrow Curaclam arrow Pleanáil d'fhorbairt scoile arrow An plean scoile
An plean scoile | Print |

Tá riachtanais fhoghlama daltaí i gcroílár gach pleanáil, agus ba chóir gurb é an múineadh agus an fhoghlaim a tharlaíonn sa scoil a bheadh mar fhócas. Samhail mholta de leagan amach agus de chlár ábhar an phlean scoile atá anseo. Níl sé forordaitheach – féadfaidh a bhformáid féin a bheith ag gach scoil a bheidh éifeachtach agus ba chóir í a choinneáil.

Alt 1 - Sonraí Ginearálta Scoile:

Beidh sonraí ginearálta/faisnéis faoin scoil sa chuid seo:

  • stair
  • pearsanra (príomhoide, múinteoirí, Bord Bainistíochta, Cumann na dTuismitheoirí, airíoch, rúnaí, eile)
  • ábhair a múintear
  • amanna oscailte agus dúnta
  • leabhair
  • éide scoile
  • gníomhaíochtaí breis-churaclaim
  • sonraí eile...

Alt 2 - Fís/Ráiteas Misin:

Bíonn tionchar ag Ráitis Físe agus Misean ar gach beartas agus ar gach plean. Léiríonn ráiteas misin/físe na scoile spiorad tréitheach na scoile, agus aithneoidh sé:

1. Cuimsitheacht agus Cothromaíocht. Sroicheann scoil chuimsitheach na 9 réimse liostáilte san Acht um Stádas Comhionann 2000. Tá idirdhealú, mar a deirtear san Acht, coiscthe ar an mbun seo a leanas:

  • inscne
  • stádas pósta
  • stádas clainne
  • claonadh gnéasach
  • creideamh
  • aois
  • míchumas
  • cine
  • lucht siúil

2. Forbairt iomlán an linbh

3. Timpeallacht, atmaisféar na scoile …

Alt 3 - Cláir/Pleananna Curaclaim:

Nuair a bhíonn scoileanna ag pleanáil do chur i bhfeidhm an Churaclaim Bhunscoile, caithfidh siad a gcinntí a thaifeadadh mar chuid den Phlean Scoile. Bíonn plean curaclaim bunaithe ar an mbeartas don ábhar sin i gCuraclam na Bunscoile. Is féidir le scoileanna a gcur chuige maidir le múineadh agus foghlaim ábhar áirithe a leagan amach faoi na ceannteidil seo leanas ...

  • réamhráiteas agus réasúnaíocht
  • fís agus aidhmeanna
  • pleanáil churaclaim

-     snáitheanna agus snáithaonaid

-     cur chuige agus modheolaíochtaí

-     páistí le riachtanais speisialta

-     nascadh agus comhtháthú

-     measúnú agus coimeád cuntas

-     comhionannas agus rannpháirtíocht

  • pleanáil eagrúcháin

-     clár ama

-     acmhainní

-     sláinte agus sábháilteacht

-     pleanáil agus tuairisciú múinteoirí aonair

-     forbairt foirne

-     rannpháirtíocht na dtuismitheoirí

-     rannpháirtíocht an phobail 

  • critéir rathúlachta
  • cur i bhfeidhm - rólanna agus freagrachtaí
  • nósanna imeachta luachála/athbhreithnithe
  • daingniú agus cumarsáid

Alt 4 - Beartais Eagraíochta:

I láthair na huaire, tá formhór imeachtaí reatha scoileanna rialaithe ag achtanna rialtais nó treoirlínte de shaghas éigin. Tar éis do phobal na scoile cinneadh a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm na dtreoirlínte seo ní mór dóibh a gcleachtas reatha a leagan amach mar chuid den plean scoile. D'fhéadfaí rannóg riaracháin an phlean a leagan amach mar seo leanas ....

  • beartais luaite i reachtaíocht – áireofar leanaí le riachtanais speisialta ar an gclár chomh maith le sláinte agus sábháilteacht, cód iompair agus beartas frith-bhulaíochta, cothromaíocht, ciapadh gnéasach, rochtain ar thaifid, tinreamh, eile...
  • beartais a bhfuil treoirlínte náisiúnta iontu – tacaíocht fhoghlama, RSE, úsáid substaintí, cosaint leanaí, oideachas idirchultúrtha, measúnú...
  • réimsí eile a d’fhéadfadh beartas a bheith leo – riaradh leighis, obair bhaile, ICT agus úsáid idirlín, múinteoirí nua a ionduchtú, forbairt foirne, coinneáil taifid, eile....
  • tá tacaíocht ar fáil in go leor de na réimsí seo ó láithreáin ghréasáin SFGB agus CMÉ. D’oibrigh SFGB agus CMÉ le chéile chun treoirlínte a leagan síos i roinnt réimsí beartas. Féadfaidh tú iad seo a fháil díreach ón láithreán gréasáin seo nó ar an diosca comhdhlúite a scaip CMÉ i 2006. Tá sé tábhachtach a mheabhrú go dtagann beartais áirithe trasna ar a chéile agus trí bheartas a dhéanann measúnú a chríochnú go mbeidh scoil ag aithint réimsí eile – tacaíocht fhoghlama, riachtanais speisialta, SNA, clárú etc.

Alt 5 - Nósanna Imeachta agus Cleachtais:

I roinnt réimsí d’fhéadfadh ráiteas gairid maidir le cleachtas a bheith leordhóthanach. Seo a leanas réimsí a d’fhéadfadh a bheith san áireamh sa chuid seo:

  • eagrú scoile – múinteoirí, foireann choimhdeach
  • féilire na scoile
  • cuairteoirí – díoltóirí, eile
  • teacht agus scor daltaí
  • dúnadh eisceachtúla
  • dualgais feitheoireachta
  • saincheisteanna
  • fótachóipeála agus Ccóipchirt
  • roghnú téacsleabhair
  • scéim leabhair ar cíos
  • úsáid teileafóin phóca
  • lóin shláintiúla
  • dáileadh ranga agus seomraí ranga
  • taifid ranga agus leabhair rollaí a choinneáil
  • faisnéis riachtanach a aistriú
  • asláithreachtaí gairide
  • páirteachas tuismitheoirí - cruinntithe, cabhrú sa rang, Cumann na dTuismitheoirí, bailiú airgid Cruinnithe foirne
  • fáiltiú roimh ionadaithe nó mic léinn ag múineadh
  • turais scoile
  • gníomhaíochta eis-churaclaim
  • táirgí trádálacha a chur chun cinn/margaíocht
  • páirtíocht i gcomórtais/bhféastaí
  • cumarsáid le scoileanna eile
  • athrú chuig dara leibhéal Eile…

Alt 6 – Alt d’Fhorbairt:

Tá sé tábhachtach taifid a choinneáil maidir le hobair leanúnach – plean d’fhorbairt, dialann phleanála, pleananna gníomhaíochta, tionscadail phíolótacha. Taifead tábhachtach ar obair á déanamh an chuid faoi fhorbairt agus ba chóir é a chothú amhlaidh.