Curaclam
Pleanáil d'fhorbairt scoile
Pleanáil do riachtanais foghlama | Pleanáil do riachtanais foghlama |
|
Pleanáil bunaithe ar riachtanais fhoghlama daltaí Le díriú ar riachtanais daltaí b'fhéidir gur mhaith le scoil aghaidh a thabhairt ar na réimsí seo a leanas . . . Riachtanais daltaí a aithint An dtuigimid cén riocht atá ar na daltaí maidir lena gcuid foghlama agus an féidir linn cruthúnas a thabhairt air? Measúnóireacht fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta, (samplaí sa churaclam agus i Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna, CNCM, 2007; Úsáid sonraí ó thástálacha chaighdeánaithe d'fhonn patrúin a aithint agus chun tosaíochtaí feabhasaithe a shainaithint i léitheoireacht Béarla nó sa Mhatamaitic) An soláthar atá ann cheana féin maidir le héachtaí daltaí Cad atá ag tarlú cheana féin inár scoil chun go mbeadh ar chumas gach dalta iarracht a dhéanamh a p(h)oitéinseal féin a bhaint amach? Curaclam An gá an curaclam a chur in oiriúint do riachtanais daltaí áirithe? Stíleanna foghlama daltaí An feasach dúinn stíleanna ar leith foghlama gach dalta aonair agus conas ár modhanna teagaisc a chur in oiriúint dóibh le go bhfoghlaimeodh gach dalta an méid is mó gur féidir? Éirimí Iolracha déan tagairt don Réamhrá den Churaclam do Bhunscoileanna, lgh. 14-17. Modheolaíochtaí teagaisc An bhfuil straitéisí éagsúla teagaisc á n-úsáid againn le riachtanais ár ndaltaí a chomhlíonadh? Úsáid as: an timpeallacht/Tionscnaimh/Am ciorcail/Teagasc grúpa/ICT/Teagasc do chumais éagsúla/comhtháthú/De réir téamaí/Iomlán an ranga, déan tagairt do Threoirlínte Múinteora an Churaclaim Leasaithe, mar shampla: Mata lgh. 30-46. Ullmhúchán múinteoirí An bhfuil fianaise in ullmhúchán an mhúinteora (scéim bliana, scéimeanna seachtaine) a thugann le fios go bhfuiltear chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais éagsúla foghlama na ndaltaí, agus an gcloíonn an t-ullmhúchán le cláir oibre na scoile iomláine agus le polasaithe na scoile iomláine? Torthaí foghlama na ndaltaí (aonair/grúpa) An feasach dúinn a bhfuil beartaithe againn go mbainfeadh na daltaí amach agus cén fáth? An ndéantar ráiteas soiléir maidir le haidhmeanna agus spriocanna? Ar chóir dúinn machnamh a dhéanamh ar Chláir Aonair Oideachais agus Cláir Ghrúpa Oideachais a chur i bhfeidhm ar mhaithe le daltaí Forbairt foirne An dtugtar dóthain deiseanna do bhaill foirne cur lena gcuid scileanna, saineolas a roinnt, agus straitéisí, scileanna, eolas nua a fhoghlaim? An gcothaítear spiorad foirne agus freagracht choiteann? An dtugaimid faoi thaighde gníomhaíochta? Leas a bhaint as an bhfoireann atá ar fáil An bhfuilimid ag baint lánúsáide as ár bhfoireann agus as acmhainní an phobail? An ndéantar soláthar do chomhairle agus do chomhoibriú agus do chomhphleanáil? Amchlár An gcuireann na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair aon dalta faoi mhíbhuntáiste? Tuismitheoirí An eol do thuismitheoirí an tslí is fearr is féidir leo tacú le foghlaim a bpáistí? Ceangal leis an dara leibhéal An bhfuil ceangal leis an dara leibhéal curtha i gcrích chun go bhfoghlaimeodh na daltaí an méid is mó gur féidir leo? B'fhéidir gur mhaith leis an scoil nó an múinteoir aghaidh a thabhairt orthu seo a leanas . . .
|