Baile arrow SFGB arrow Tuarascáil Bhliantúil 2008/2009
Tuarascáil Bhliantúil 2008/2009

A Chairde,

Tá áthas orm an chéad tuarascáil bhliantúil de chuid Sheirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna don bhliain dar críoch 31 Lúnasa 2009 a chur i láthair. Cuireadh tús le iliomad rudaí sa bhliain tuairiscithe agus léireoidh an tuarascáil bhliantúil seo scóip, leithne agus nádúr na tacaíochta a sholáthar an PPDS do mhúinteoirí i rith an ama sin.

D’éirigh leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna leanúint ar aghaidh leis an obair a rinne an Clár Tacaíochta an Churaclaim Iarbhunscoile agus an tSeirbhís Pleanála Forbartha Scoile agus í a fhorbairt, trí leathnú na tacaíochta a sholáthraítear do scoileanna agus do mhúinteoirí. Áirítear ar na samplaí is suntasaí soláthar tacaíocht i réimse agus modheolaíochtaí traschuraclaim, agus taiscéaladh agus leathnú fhorbairt ghairimiúil ar-líne do mhúinteoirí.

I rith na bliana dhear agus sheachaid an PPDS dhá shraith seimineár i mBéarla mar Theanga Breise agus Treoirlínte agus Nósanna Imeachta i leith Chosaint Leanaí (DES, 2001).

Ina theannta sin, fuair 2,040 scoil tacaíocht ón PPDS i bhfeidhmiú Churaclam na mBunscoileanna (DES, 1999) agus i bpleanáil eagraíochtúil agus forbartha.

Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghlacadh le Rannóg Oideachais Múinteoirí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta a mhaoiníonn an PPDS, chomh maith le Coiste Bainistíochta Ionad Oideachais Bhaile Átha Cliath Thiar, Líonra an Ionad Oideachais, agus na scoileanna agus na múinteoirí ar fad a bhain úsáid as forbairt ghairimiúil ar mhaithe le torthaí feabhsaithe dár leanaí. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh go speisialta leis an comhaltaí foirne an PPDS as a ndíogras, a bhfuinneamh agus a saineolas i ndearadh agus i seachadadh na seirbhíse a leagtar amach i leathanaigh na tuarascála seo.

Le gach dea-ghuí

An Dr. Mary McAuliffe (Stiúrthóir, PPDS)  

Tuarascáil bhliantúil 2008/2009

pdf Tuarascáil Bhliantúil 2008/2009 3.45 Mb