Baile arrow SFGB arrow Clár inseirbhíse - 2009/10
Clár inseirbhíse 2009/10

Leanann an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí le tacaíocht a sholáthar do mhúinteoirí trí dheiseanna leanúnacha a sholáthar don fhorbairt ghairmiúil leanúnach. I mbliana beidh soláthar oiliúna inseirbhíse ar fáil sna réimsí seo a leanas:

Seimineár ar Bhéarla mar Theanga Breise do Phríomhoidí

Mar ullmhúchán don seimineár ar Bhéarla mar Theanga Breise do Phríomhoidí, chuaigh an tSeirbhís Forbartha Gairmiúil do Bhunscoileanna (PPDS) i gcomhairle le roinnt Príomhoidí chun na gnéithe ar chóir iniúchadh a dhéanamh orthu i rith an tseimineáir a aithint. Agus eolas faighte ón Anailís Riachtanais sin beidh trí sprioc ag an seimineár:

  • chun iniúchadh a dhéanamh ar ról an phríomhoide i gcomhthéacs an Bhéarla mar Theanga Breise.
  • sárchleachtas maidir le réimsí comónta imní a bhreithniú agus a roinnt
  • iniúchadh a dhéanamh ar an mBéarla mar Theanga Breise i gcomhthéacs scoileanna aonair

I rith an lae beidh an deis ag Príomhoidí díriú ar an tábhacht a bhaineann leis an gcéad teanga do leanaí le EAL agus a ról agus a bhfreagrachtaí a iniúchadh maidir le EAL, lena n-áirítear soláthar polasaí, measúnú, eagrú éifeachtach ar fhorbairt tacaíochta agus foirne.

Beidh deis ag rannpháirtithe chomh maith éagsúlacht cás-staidéir a athbhreithniú agus a phlé chun roinnt dea-chleachtaidh ar bhealach struchtúrtha, dírithe a spreagadh. Beidh eolas chomh maith maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn gníomhaíochtaí seachtracha a thacaíonn le scoileanna maidir le dreamanna nua, mar shampla, an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS), agus Seirbhís Dídeanaithe na nÍosánach.

Ar deireadh, beidh Príomhoidí in ann machnamh a dhéanamh ar shárchleachtas agus iad ag cinntiú cur chuige scoile uile uilechuimsitheach chuig soláthar EAL.


Seimineáir ar na Treoirlínte um Chosaint Leanaí, ROE

child_protection_guidelines_74_x_90

Cuirfear an oiliúint inseirbhísí aon-lae seo ar fáil don Duine Idirchaidrimh Ainmnithe (DLP) agus don Leas-DLP i scoileanna nár fhreastal ar sheimineáir ar Threoirlínte agus Nósanna Imeachta Chosaint Leanaí (DES, 2001) le dhá bhliain anuas.

Tá sé mar sprioc ag an seimineár stiúir agus treoir a sholáthar do phearsanra scoile maidir le cosaint leanaí. Beidh deis ag rannpháirtithe iad féin a chur ar an eolas maidir leis na nósanna imeachta chun déileáil le líomhaintí maidir le, agus amhras faoi, mí-úsáid leanaí. Tugtar forléargas ar an seimineár briste síos sa tábla thíos:

 Seisiún a haon                   
  • Iniúchadh ar an gcomhthéacs stairiúil agus dlíthiúil de Children First: Treoirlínte Náisiúnta do Chosaint agus do Leas Leanaí (An Roinn Sláinte agus Leanaí, 1999).
  • Iniúchadh ar na catagóirí éagsúla mí-úsáide mar a shainítear i Children First agus plé ar na comharthaí agus na hairí a bhaineann le mí-úsáid leanaí.
Seisiún a dó
  • Iniúchadh ar dhualgais an DLP agus é ag freagairt d’amhras maidir le mí-úsáid leanaí nó do líomhaintí faoi mhí-úsáid leanaí.
  • Breithniú ar na nósanna imeachta a moltar chun déileáil le líomhaintí i gcoinne fhoireann na scoile agus an tábhacht a bhaineann le monatóireacht agus le coimeád taifead cruinn.
 Seisiún a trí
  • Plé agus athbhreithniú ar roinnt cás-staidéir chun deis a thabhairt do rannpháirtithe sárchleachtas a roinnt maidir le saincheisteanna cosanta leanaí.