Baile arrow SFGB arrow I dTreo 2016
I dTreo 2016 | Print |

Rannóg 31. An Earnáil Oideachais: Múinteoirí Bainistiú Feidhmíochta

31.1 Is ábhar é caighdeán sna scoileanna a bhaineann le gach duine ag a bhfuil baint acu le, nó atá rannpháirteach in, oiliúint ár gcuid leanaí. Tá ról rí-thábhachtach ag scoileanna chun a chinntiú go bhfuil gach gné dá ngníomhaíocht curtha i gcrích ag leibhéal atá comhthomhaiseach le dea-chleachtas, agus a gcuid fachtóirí comhthéacs faoi leith á thógáil san áireamh. Is é an cás chomh maith go bhfuil sé riachtanach do scoil faoin Acht Oideachais 1998 córais a bhunú agus a chothabháil inar féidir le héifeachtacht agus feidhmiúlacht a gcuid oibríochtaí a bheith measta. Sa chomhthéacs seo, leagann Alt 23 den Acht Oideachais 1998 amach freagrachtaí agus feidhmeanna an phríomhoide scoile a chlúdaíonn, inter alia, cruthú comhshaoil scoile a thacaíonn foghlaim agus ar bhonn laethúil, an treorú agus stiúradh na múinteoirí agus a bhforbairt ghairmiúil a chur chun cinn, as a bhfuil an príomhoide freagrach don fhostóir. Tugann an Tionscnamh Pleanála um Fhorbairt Scoile an tacaíocht do scoileanna sa phróiseas athbhreithnithe inmheánaigh agus i gcruthú a bpleananna scoile.

31.2 Aithníonn na páirtithe go bhfuil éifeachtacht na ranníocaíochta de gach múinteoir laistigh den fheidhmíocht fhoriomlán de scoil nó ionad oideachais rí-thábhachtach, ní amháin do leas na mac léinn ar leith lena bhfuil freagracht díreach ag an múinteoir orthu ach d’fheidhmíocht fhoriomlán na scoile chomh maith. Aontaíonn na páirtithe go bhfuil an bonn is oiriúnaí do fhorbairt na straitéisí chun feabhas a chur ar ionchur foirne agus ionchur aonarach i gcomhthéacs na pleanála forbartha scoile agus próisis féin-mheasta anailíseach déanta ag an scoil i gcomhréir leis an dea-chleachtas.

31.3  Dá réir sin tá sé aontaithe ag na páirtithe go mbainfidh gach scoil úsáid as foilseacháin na Roinne Oideachais "Looking at our School – an aid to self-evaluation in primary schools (2003)" agus "Looking at our Schools – an aid to self-evaluation in second level schools (2003)" chun féin-mheasúnú d’fheidhmíocht na scoile a dhéanamh.

31.4 Aontaítear go mbreathnóidh scoileanna ar ról agus ionchur na múinteoirí d’fheidhmíocht fhoriomlán na scoile i gcomhthéacs an phlean forbartha scoile. Déanfaidh gach scoil measúnú ar fheidhmíocht trí úsáid a bhaint as na téamaí i gcóir féin-mheasúnú atá leagtha amach sna cáipéisí thuas don ghné um Múineadh agus Foghlaim mar bhuntomhas d’fheidhmíocht scoile.

31.5 Bainfidh na forálacha seo le hionaid oideachais chomh maith.