|
Tá gaoth an tsamhraidh timpeall orainn agus tá na laethanta saoire beagnach buailte linn. Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leat agus leis an bhfoireann as an tacaíocht a thug sibh don PPDS ó bunaíodh é. Beidh seirbhís nua trasearnála, An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí ann ó Mheán Fómhair 2010 agus beidh formhór na hoibre a rinne an PPDS faoi bhainisteoireacht na seirbhíse nua. Seolfar sonraí na seirbhíse seo chuig na scoileanna amach anseo. Is cúis áthais dom a chur in iúl duit go leanfaidh an suíomh Gréasáin ar aghaidh agus tá súil agam go mbeidh na hacmhainní agus na hábhair ina gcabhair agaibh chun an teagasc agus an fhoghlaim a chur chun cinn sna scoileanna. Go raibh saoire álainn agaibh agus mo mhíle buíochas arís ar son na foirne go léir. Dr Mary McAuliffe (Stiúrthóir)
Tá sé fógraithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbeidh cead ag scoileanna, le faomhadh ón mBord Bainistíochta, dúnadh do lá amháin le linn na scoilbhliana 2010-2011 ar mhaithe leis an bpleanáil. |