|
Cur i bhfeidhm an chéad chéim eile sa phróiseas pleanála i ndiaidh an plean/beartas a dhréachtú. Braitheann cur i bhfeidhm éifeachtach ar chomhairliú agus ar úinéireacht na gcinntí a sroicheadh i ndáil leis an ábhar áirithe. Éireoidh níos fearr le pleananna agus beartais má fheiceann múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí na buntáistí a bhaineann le múineadh agus foghlaim a eascraíonn ó chur i bhfeidhm beartais nó plean.
Próiseas leanúnach is ea Monatóireacht, ag scrúdú dul chun cinn an phlean agus é a chur i gcrích.
Cén chaoi ar féidir leat a chinntiú go bhfuil na cinntí a dhéantar á gcur i bhfeidhm?
- An bhfuil múinteoirí ar an eolas maidir le réimsí tosaíochta do chur i bhfeidhm? An bhfuil an t-ualach oibre soláimhsithe?
- An
bhfuil an t-eolas/scil/taithí ag gach múinteoir (lena n-áirítear
múinteoirí ionadacha/neamhbhuana) chun an méid a theastaíonn a
dhéanamh?
- An féidir tacaíocht do chur i bhfeidhm a dhealú ag brath ar scileanna/thaithí na múinteoirí?
- Cé a cheapfar chun an tacaíocht/chomhairle sin a sholáthar?
- An bhfeiceann múinteoirí an luach a bhaineann le cinntí a chur i bhfeidhm a bhaineann le foghlaim na ndaltaí?
- An bhfuil creat ama sonrach do chur i bhfeidhm?
- An bhféadfaí/chóir cur i bhfeidhm a dhéanamh ar bhun píolótach i.e. i gcúpla rang ar feadh tréimhse gearr ama?
- An bhféadfaí meabhrúchán a thabhairt do mhúinteoirí? (maidir le cinntí a rinneadh/cur i bhfeidhm dátaí etc.)
- Ar cuireadh na hacmhainní a ainmníodh ar fáil do mhúinteoirí atá riachtanach chun cinntí a chur i bhfeidhm?
- An gcabhródh sé dá gcuirfeadh múinteoir taispeántas ar siúl sa rang nó fístéip a dhéanamh?
- An dtabharfadh turas ar an scoil/sheomraí ranga smaointí do mhúinteoirí maidir le cur i bhfeidhm?
- An bhfuil eiseamláirí ar fáil? (punanna múinteoirí maidir le samplaí ag brath ar an ábhar)
- Cén chaoi a gcabhróidh ullmhúchán múinteoirí agus tuairiscí míosúla le cur i bhfeidhm?
- An féidir leis an bhféilire bliantúil fócas an chur i bhfeidhm a shonrú do thréimhsí áirithe?
- Ar taifeadadh cinntí aontaithe sa chuid faoi phróiseas an Phlean Scoile?
Cén chaoi a ndéanfar monatóireacht ar na hathruithe?
- An bhféadfadh post sealbhóir nó comhordaitheoir caidreamh a dhéanamh le múinteoirí maidir le cur i bhfeidhm?
- An bhféadfadh príomhoide/múinteoirí/coiste athbhreithnithe monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm?
- An leagfar am ar leataobh ag cruinnithe múinteoirí/foirne do thuairiscí dul chun cinn?
- An féidir le fianaise (e.g. aiseolas ó phobal na scoile, breathnóireacht ar chleachtas sa rang, measúnuithe, dialanna/cóipleabhair obair bhaile leanaí) an próiseas monatóireachta a chur ar an eolas?
- An bhféadfadh na daltaí monatóireacht a dhéanamh ar a ndul chun cinn féin i ndáil lena bhfoghlaim? (e.g. dul chun cinn i dtorthaí scrúduithe, cuspóirí foghlama bainte amach etc.)
- An féidir cleachtas reatha a dhoiciméadú cúpla mí i ndiaidh dáta an chur i bhfeidhm?
|