Luacháil | Print |

Scrúdaíonn Luacháil an mbíonn aidhmeanna agus critéir ratha an phlean/bheartais bainte amach. Beidh sé níos éasca má bhíonn critéir ratha soiléire leagtha amach ón tús. Féadfar an luacháil a bhunú ar fhianaise ó thuairiscí, ó scrúduithe agus ó aiseolas labhartha. Ba chóir cinneadh a bheith mar thoradh ar luacháil i gcónaí fiú má chiallaíonn sé sin an cinneadh leanúint le cleachtas reatha.

Cén chaoi a ndéanfar na hathruithe a luacháil?

  • Cén tionchar atá ag an mbeartas/athrú ar fhoghlaim daltaí?
  • Ar baineadh amach na haidhmeanna/critéir ratha a leagadh síos sa phlean/bheartas? Cén fianaise atá ann?
  • Ar chóir ceistiúchán a dháileadh chun athruithe a luacháil? Más cóir, cé a dhréachtóidh ceisteanna/ a chuirfidh freagraí le chéile/ a thabharfaidh aiseolas?
  • Ar léirigh measúnuithe na feabhais a bhí ag teastáil – téacsaí caighdeánaithe, punanna, breathnóireacht mhúinteoirí agus scrúduithe?
  • Ar fheabhsaigh na hathruithe a rinneadh réimsí eile – e.g. leibhéil tinreamh, iompar etc.?
  • An bhfuil aiseolas sa Mheastóireacht Scoile Uile, nó ón méid a dúirt an cigire?
  • An bhfuil aiseolas foirne – múinteoirí ranga, múinteoirí tacaíochta, príomhoide, eile?
  • Céard a dúirt tuismitheoirí? Aiseolas ó chruinnithe idir tuismitheoirí agus múinteoirí, cruinnithe ranga le tuismitheoirí, teagmháil neamhfhoirmiúil, fócasghrúpaí.
  • Cén aiseolas a thug an Bord Bainistíochta?
  • An gcabhródh téamaí leagtha amach i “Ag Breathnú ar an Scoil Againne” nó i gcáipéis mhachnamhach NCCA leis an bpróiseas luachála?