Baile arrow Eagrú arrow Pleanáil d'fhorbairt scoile arrow Pleanáil do riachtanais foghlama
Pleanáil do riachtanais foghlama

Pleanáil bunaithe ar riachtanais fhoghlama daltaí

Le díriú ar riachtanais daltaí b'fhéidir gur mhaith le scoil aghaidh a thabhairt ar na réimsí seo a leanas . . .

Riachtanais daltaí a aithint

An dtuigimid cén riocht atá ar na daltaí maidir lena gcuid foghlama agus an féidir linn cruthúnas a thabhairt air? Measúnóireacht fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta, (samplaí sa churaclam agus i Measúnú i gCuraclam na Bunscoile: Treoirlínte do Scoileanna, CNCM, 2007; Úsáid sonraí ó thástálacha chaighdeánaithe d'fhonn patrúin a aithint agus chun tosaíochtaí feabhasaithe a shainaithint i léitheoireacht Béarla nó sa Mhatamaitic)

An soláthar atá ann cheana féin maidir le héachtaí daltaí

Cad atá ag tarlú cheana féin inár scoil chun go mbeadh ar chumas gach dalta iarracht a dhéanamh a p(h)oitéinseal féin a bhaint amach?

Curaclam

An gá an curaclam a chur in oiriúint do riachtanais daltaí áirithe? Stíleanna foghlama daltaí An feasach dúinn stíleanna ar leith foghlama gach dalta aonair agus conas ár modhanna teagaisc a chur in oiriúint dóibh le go bhfoghlaimeodh gach dalta an méid is mó gur féidir? Éirimí Iolracha déan tagairt don Réamhrá den Churaclam do Bhunscoileanna, lgh. 14-17.

Modheolaíochtaí teagaisc

An bhfuil straitéisí éagsúla teagaisc á n-úsáid againn le riachtanais ár ndaltaí a chomhlíonadh? Úsáid as: an timpeallacht/Tionscnaimh/Am ciorcail/Teagasc grúpa/ICT/Teagasc do chumais éagsúla/comhtháthú/De réir téamaí/Iomlán an ranga, déan tagairt do Threoirlínte Múinteora an Churaclaim Leasaithe, mar shampla: Mata lgh. 30-46.

Ullmhúchán múinteoirí

An bhfuil fianaise in ullmhúchán an mhúinteora (scéim bliana, scéimeanna seachtaine) a thugann le fios go bhfuiltear chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais éagsúla foghlama na ndaltaí, agus an gcloíonn an t-ullmhúchán le cláir oibre na scoile iomláine agus le polasaithe na scoile iomláine?

Torthaí foghlama na ndaltaí (aonair/grúpa)

An feasach dúinn a bhfuil beartaithe againn go mbainfeadh na daltaí amach agus cén fáth? An ndéantar ráiteas soiléir maidir le haidhmeanna agus spriocanna? Ar chóir dúinn machnamh a dhéanamh ar Chláir Aonair Oideachais agus Cláir Ghrúpa Oideachais a chur i bhfeidhm ar mhaithe le daltaí

Forbairt foirne

An dtugtar dóthain deiseanna do bhaill foirne cur lena gcuid scileanna, saineolas a roinnt, agus straitéisí, scileanna, eolas nua a fhoghlaim? An gcothaítear spiorad foirne agus freagracht choiteann? An dtugaimid faoi thaighde gníomhaíochta?

Leas a bhaint as an bhfoireann atá ar fáil

An bhfuilimid ag baint lánúsáide as ár bhfoireann agus as acmhainní an phobail? An ndéantar soláthar do chomhairle agus do chomhoibriú agus do chomhphleanáil?

Amchlár

An gcuireann na socruithe atá i bhfeidhm faoi láthair aon dalta faoi mhíbhuntáiste?

Tuismitheoirí

An eol do thuismitheoirí an tslí is fearr is féidir leo tacú le foghlaim a bpáistí?

Ceangal leis an dara leibhéal

An bhfuil ceangal leis an dara leibhéal curtha i gcrích chun go bhfoghlaimeodh na daltaí an méid is mó gur féidir leo?


B'fhéidir gur mhaith leis an scoil nó an múinteoir aghaidh a thabhairt orthu seo a leanas . . .

  • Cad iad na cuspóirí foghlama do dhaltaí do ranga maidir le __________?
  • An ionann iad seo i gcás gach dalta/grúpa daltaí?
  • Cé hiad na daoine a bhfuil baint acu le leagan amach na gcuspóirí seo?
  • Cé hiad na daoine atá ar an eolas maidir leis na cuspóirí seo? (mar shampla: múinteoirí tacaithe, Príomhoide, tuismitheoirí . . .)
  • Cé tá ag saothrú chun go mbainfí amach na cuspóirí seo?
  • An bhfuil na daltaí ag baint amach na cuspóirí seo?
  • Muna bhfuil, an bhfuil ag teip ar ghrúpaí/daltaí aonair inaitheanta na cuspóirí a leagtar amach dóibh a bhaint amach? Cén fáth?
  • Conas agus cé chomh minic a dhéantar athmheasúnú ar na cuspóirí seo?
  • Cad iad na modheolaíochtaí teagaisc a úsáidtear i láthair na huaire ar bhonn rialta i do scoil/seomra ranga?
  • Cén fáth go n-úsáidtear iad seo?
  • An bhfuil cinn eile ar fáil nach n-úsáidtear (Scileanna foirne?)
  • Cad iad na straitéisí atá i bhfeidhm chun go mbeadh ar chumas múinteoirí cur lena réimse modheolaíochtaí?
  • An dtugtar deiseanna do gach dalta foghlaim a dhéanamh ar an mbealach is fearr a oireann dó nó di? (Stíleanna foghlama)
  • An dtugtar deiseanna do dhaltaí cur lena stór stíleanna/straitéisí/cumas foghlama?
  • Cad iad na modhanna/straitéisí atá i bhfeidhm chun pleanáil/ullmhúchán an mhúinteora aonair a chothú/a fhaire/a chónascadh?