Baile arrow Curaclam arrow Pleanáil d'fhorbairt scoile arrow Próiseas PFS
Próiseas PFS | Print |

Pleanáil d’Fhorbairt Scoile (PFS)

Tugann an chuid seo den ghréasán forléiriú ar an bpróiseas pleanála scoile, ar an gcomhthéacs náisiúnta, ar naisc chuig acmhainní agus tagairtí úsáideacha. Gliogáil ar na pointí urchair chun tuilleadh eolais d’fháil:


Pleanáil d’Fhorbairt Scoile (PFS)

Tá go leor athruithe tarlaithe i mbunscoileanna na hÉireann le deich mbliana anuas. Sa mhílaois nua seo tá sé soiléir go bhfuil athrú mar ghné bhuan den bhunoideachas. An t-aon rud cinnte atá fágtha ná go mbeidh ár dtodhchaí go hiomlán éagsúil ón am atá caite againn. Modh atá i bPleanáil d’Fhorbairt Scoile (PFS) ina féidir le scoileanna athrú a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Míniú amháin ar phleanáil d’fhorbairt scoile is ea: “a series of steps that help a school achieve its preferred future” (David Tuohy 1997). Cuireann PFS ar chumas scoileanna tosaíocht a thabhairt don méid a bheidh déanta thar tréimhse áirithe ama, chun a bhunú céard go díreach a bheidh ag tarlú, agus soláthraíonn sé bealach chun comhairliú leis an mBord Bainistíochta, tuismitheoirí, daltaí agus geallchoimeádaithe eile agus chun go mbeidh siad páirteach ann.

Ceanglas reachtúil is ea pleanáil do scoileanna anois. Faoi Alt 20 den Acht Oideachais caithfidh plean scoile a bheith ag gach scoil. Tá freagracht ar Bhoird Bhainistíochta a chinntiú go bhfuil an plean ullmhaithe, athbhreithnithe agus nuashonraithe go rialta. Tá comhairliú cuí leis na geallchoimeádaithe riachtanach chomh maith. Freisin, tá forleathadh an phlean scoile, ina mbeidh dáileadh an phlean chucu siúd a mbaineann sé leo riachtanach chomh maith. .

Tá scoileanna ann do na daltaí agus mar sin díríonn PFS go bunúsach ar fhoghlaim na ndaltaí. Eilimintí criticiúla den phróiseas iad comhairliú, cumarsáid agus comhoibriú. Is é an gnáth rud ná go roinntear an chaoi a déantar cinnidh. Déanfar comhairliú le tuismitheoirí agus beidh ról acu mar phríomhoideachasóirí na ndaltaí. Beidh buntáistí d’fhoghlaim leanaí, do thuismitheoirí iad féin, do mhúinteoirí, do Bhainistíocht agus do gach duine bainteach leis an scoil ag baint leis an nóisean an scoil a bheith ina heagraíocht fhoghlama a leathnú chuig an scoil mar chuid de phobal níos leithne foghlama..

Ní hiad na daltaí na t-aon fhoghlaimeoirí i bpobal na scoile. Ba chóir don scoil timpeallacht a sholáthar inar féidir le gach páirtí foghlaim agus forbairt. Seachas na daltaí is iad na foghlaimeoirí is mó a bheidh sa scoil ná na múinteoirí. Mhol Fink go stopann daltaí ag foghlaim má stopann a gcuid múinteoirí! Go hidéalach, ba chóir go bhfeidhmeodh an scoil i dtimpeallacht fhoghlama áit a bhfuil gach obair ar mhaithe leis an dalta. Sa chomhthéacs seo tá cultúr na scoile tábhachtach. Ag labhairt dó i nGaillimh i mí na Nollag 2000, d’ainmnigh David Hopkins trí bhealach ina múineann scoil – céard a mhúineann sí, cén chaoi a múineann sí agus an cineál áite í. Cén cineál áite í an scoil do dhaltaí, don fhoireann, do thuismitheoirí do phearsanra tacaíochta? An gcuireann sí timpeallacht shábháilte ar fáil áit a n-admhaítear éachtaí, áit a bhfeictear botúin ní mar theipeanna ach mar dheiseanna foghlama do gach duine; áit a nglactar leis gur féidir linn rioscaí ríofa a thógáil ar mhaithe le foghlaim; áit a bhfuil cothromaíocht shláintiúil idir obair agus spraoi.

Féadfaidh scoileanna bainteach le pleanáil d’fhorbairt na ceisteanna seo a leanas a chur

  • An aithnímid éachtaí beaga a dhéanann dalta, tuismitheoir, múinteoir?

  • An spreagaimid comhrá, foghlaim, smaoineamh cruthaitheach?

  • An gcuirimid foirne agus tógáil rioscaí chun cinn?

Ní rud í an fhoghlaim a tharlaíonn ach uair amháin! I bhfocail Stephen Murgatroyd “The task is to search for a constant string of 1% improvements over many years… We are running a marathon, not the 100 metres. The pace of change should be a myriad of small steps”. Eilimint shonrach de PFS is ea fís na scoile a thagann ó athmhíniú na scoile mar áit ina dtarlaíonn fás agus foghlaim do gach duine agus gníomhaíonn sé mar chúlra go gach cinneadh agus gníomh ina dhiaidh sin. Nuair a bheidh a fís mínithe ag scoil, tá bunús tógtha aici ar a féidir éachtaí a dhéanamh agus tabhairt faoi dhúshláin.

Go hidéalach, tá pleanáil d’fhorbairt scoile bunaithe ar an réasúnaíocht gur cheart do phleanáil tosaíocht aitheanta a aithint ó thaobh istigh den scoil féin, bunaithe ar an eolas go bhfuil riachtanais fhoghlama ag daltaí agus gealltanas leanúnach phobal na scoile chun feabhas leanúnach a chur ar an soláthar do na daltaí sin.


 

Próiseas comhoibritheach is ea pleanáil d’fhorbairt scoile agus caithfear comhairliú le gach páirtí lena n-áirítear tuismitheoirí a bheith mar chuid d’ullmhú an Phlean Scoile. Fachtóir a chaithfear a chur san áireamh ia ea an bealach a d’fhéadfaí réiteach ar riachtanais na dtuismitheoirí maidir le heolas ar oideachas a leanaí.I rith thréimhse an Phlean, beidh sé faoi réir athbhreithnithe leanúnaigh go hinmheánach agus ag deireadh na tréimhse beidh sé measúnaithe i ndáil leis an méid a chomhlíon sé na cuspóirí a leag sé amach.

Tá Pleanáil d’Fhorbairt Scoile, Féin-Athbhreithniú Scoile agus measúnú ar thorthaí an Phlean deartha chun cur le feidhmiú na scoile trí pháirtíocht na bpáirtithe oideachais. Mar achoimre forálfaidh na próisis seo, ag oibriú lena chéile, go ndéanfaidh gach scoil:

 

  • measúnú ar a láidreachtaí agus laige reatha;

  • cuspóirí réadúla agus éifeachtacha a leagan síos chun cur lena láidreachtaí agus a laige a aithint;

  • monatóireacht agus athbhreithniú ar a cuspóirí ar bhun leanúnach; agus

  • ag deireadh tréimhse an phlean, luacháil ar an méid a chomhlíon sí a cuspóirí.


Céimeanna

Tá achoimre de na céimeanna sa Phleanáil d’Fhorbairt Scoile anseo a leanas:

Athbhreithniú Scoile:

Cuireann ar chumas pobal scoile a láidreachtaí áirithe agus a dúshláin a aithint. Go hiondúil díríonn athbhreithniú scoile orthu seo a leanas:

  • Atmaisféar / carachtar (spiorad sonrach na scoile)
  • Curaclam
  • Eagraíocht
  • Riachtanais Fhorbartha na Foirne
  • An scoil ina pobal
  • Acmhainní (fisiceacha, daonna, airgeadais, eile…)
  • Fachtóirí comhthéacs áitiúil/náisiúnta

Fís:

Cuireann síos ar an idéal a ghlacann scoil maidir le héachtaí san am atá thart, éifeacht reatha agus fís don todhchaí. Chuimseodh ráiteas físe na héachtaí a cheart do na daltaí a bhaint amach sna réimsí seo a leanas faoin am a fhágann siad an scoil :

  • acadúil
  • fisiceach
  • morálta
  • maoithneach
  • spioradálta
  • aeistéitiúil
  • cultúrtha
  • sóisialta
  • pearsanta
  • eile...

Tosaíocht:

Cur ar chumas pobal scoile áiteanna a dteastaíonn gníomhú agus freagra cuí a léiriú. "Prioritising is a process through which we identify which of the broad areas of concerns need tackling first. Prioritising accepts that not everything can be tackled at once." (Skelton, Reeves agus Playfoot)

Ba chóir tosaíocht a fhorbairt ag úsáid go leor cineál fianaise ar fáil ag an scoil:

  • Téacsaí caighdeánaithe – e.g. Matamaitic. Cé a úsáideann torthaí na scrúduithe? Cén fheidhm atá leo? An bhfuil nasc idir torthaí scrúduithe agus pleanáil múinteoirí? Céard a insíonn na torthaí ón scoil iomlán dúinn faoi mhúineadh agus faoi fhoghlaim matamaitice?
  • Scrúduithe/Tascanna deartha ag múinteoirí
  • Breathnóireacht múinteoirí: An féidir breathnóireacht múinteoirí a dhéanamh go córasach sa scoil iomlán ó am go ham chun faisnéis áirithe a bhailiú? An bhfuil breathnóireacht múinteoirí éascaithe trí theimpléid taifeadta a sholáthar?
  • Measúnacht eile, lena n-áirítear taifid tinrimh, aiseolas aonarach tuismitheoirí/daltaí, aiseolas Bord Bainistíochta/Comhar Tuismitheoirí, MSU (WSE), dialann obair bhaile, cóipleabhair/punanna/próifílí, timpeallacht scoile...

Fadtéarma/Plean Straitéise:

Cuireann ar chumas pobal scoile acmhainn d’athrú a bhainistiú agus a thógáil.

Beartais:

Treoirlínte soiléire a sholáthar do phobal na scoile.

Pleananna Gníomhaíochta:

Freagra a thabhairt ar thosaíocht reatha na scoile. Tá sé mar fheidhm aici cleachtas maith a bhunú áit nach raibh aon chleachtas nó cleachtas níos fearr áit a bhfuil an cleachtas reatha easnamhach.

Monatóireacht agus Luacháil:

Cur ar chumas pobal na scoile chun cur i bhfeidhm agus éifeachtacht an athraithe phleanáilte a mheasúnú.

Back to top


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Comhthéacs náisiúnta

 

Cé go bhfuil pleanáil agus an Plean Scoile mar chuid chomhtháite de shaol na scoile le blianta, rinneadh ceanglas reachtúil d’ullmhú agus do nuashonrú an phlean scoile den chéad uair faoi Acht Oideachais (1998).

Deir alt 21 den Acht:

  1. Déanfaidh bord, a luaithe is féidir tar éis a cheaptha, socruithe chun plean (dá ngairtear an “plean scoile” san alt seo) a ullmhú agus cinnteoidh sé go ndéanfar an plean a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn rialta. 
  2. Sonrófar sa phlean scoile cuspóirí na scoile maidir le comhionannas rochtana ar an scoil agus le comhionannas rannpháirtíochta sa scoil agus na bearta a bheartaíonn an scoil a ghlacadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach, lena n-áirítear comhionannas rochtana ar an scoil agus comhionannas rannpháirtíochta sa scoil ag mic léinn atá faoi mhíchumas nó a bhfuil riachtanais speisialta eile oideachais acu. 
  3. Ullmhófar an plean scoile de réir cibé ordachán, lena n-áirítear ordacháin a bhaineann le comhchomhairle le tuismitheoirí, pátrún, foireann agus mic léinn na scoile, a thabharfaidh an tAire ó am go ham i ndáil le pleananna scoile. 
  4. Déanfaidh bord socruithe chun cóipeanna den phlean scoile a scaipeadh ar phátrún, tuismitheoirí, múinteoirí agus foireann eile na scoile.

I dTreo 2016:

Cuid lárnach den Nuachóiriú in Earnáil an Oideachais sa chomhaontú comhpháirtíochta sóisialaí reatha, I dTreo 2016, is ea an tábhacht a bhaineann le feabhsú agus féin-athbhreithniú scoile, agus an ról atá ag pleanáil forbartha scoile sa dá rud. Cliceáil anseo chun téacs Alt 31 an chomhaontais a léamh. an Clár um Rathúnas agus Cothroime (PPF) (2000) pleanáil d’fhorbairt scoile mar ghné bhunúsach de chóras bainistithe feidhmíochta do scoileanna céad agus dara leibhéil.


Dhul Chun Cinn a Chothú (2003):

Lean Alt 24.31 de Dhul Chun Cinn a Chothú (2003) leis an gceanglas do phleanáil d’fhorbairt scoile a bhí sa Chlár um Rathúnas agus Cothroime (PPF) 2000:

"Aontaítear go leanfar leis an gclár nuachóirithe Pleanáil d’Fhorbairt Scoile a chur i bhfeidhm agus a leabú i gcóras na scoile."

D’aithin an Clár um Rathúnas agus Cothroime (PPF) (2000) pleanáil d’fhorbairt scoile mar ghné bhunúsach de chóras bainistithe feidhmíochta do scoileanna céad agus dara leibhéil:

PPF – Nuachóiriú in Earnáil an Oideachais:

"Tá na comhpháirtithe oideachais tiomanta d’fheabhas a chur ar cháilíocht an oideachais a chuirtear ar fáil inár bhforais oideachais. Toisc thábhachtach i dtaca leis an bhfeidhmiú a fheabhsú is ea forbairt córas bainistíochta feidhmiúcháin.

I gcás scoileanna céadleibhéil agus dara leibhéal, tá buneilimint córais bainistíochta feidhmiúcháin san áireamh sa tionscnamh Pleanála Forbartha Scoile. Forbrófar córas den sórt sin go hiomlán trí na cleachtais seo a leanas.

Beidh gach scoil páirteach i bpróiseas pleanála forbartha scoile ina mbeidh plean scoile lena ndéileálfar leis an gcuraclam iomlán agus le heagrú acmhainní uile na scoile, lena n-áirítear an fhoireann, spás, saoráidí, trealamh, am agus airgeadas. Folóidh sé freisin polasaí na scoile maidir le réimse leitheadach ceisteanna riaracháin agus eagrúcháin agus, de réir an Achta Oideachais, 1998, leagfaidh sé síos "cuspóirí na scoile maidir le comhionannas rochtana ar an scoil agus le comhionannas rannpháirtíochta sa scoil agus na bearta a bheartaíonn an scoil a ghlacadh chun na cuspóirí sin a bhaint amach". (Tugtar faoi deara go bhforáiltear san Acht Oideachais, 1998, go gcaithfidh gach scoil Plean Scoile a ullmhú). Comharphróiseas is ea an Plean Scoile agus ní mór go mbeadh comhchomhairliúchán i gceist leis na páirtithe ar fad, lena n-áirítear tuismitheoirí, i dtaca lena ullmhú.

Toisc amháin nach mór a chur san áireamh go sonrach is ea an dóigh a bhféadfaí freastal níos fearr a dhéanamh ar riachtanais tuismitheoirí i ndáil le faisnéis faoi oideachas a gcuid páistí.

Feadh thréimhse an Phlean, beidh sé faoi réir athbhreithniú leanúnach go hinmheánach agus déanfar é a mheasúnú ag deireadh na tréimhse i ndáil lena mhéid a baineadh amach na cuspóirí atá leagtha amach ann.

Tá Pleanáil Forbartha Scoile, Féin-Athbhreithniú Scoile agus measúnú ar thorthaí an Phlean ceaptha feidhmiú na scoile a fheabhsú trí na comhpháirtithe oideachais go léir a bheith bainteach leis. Go hachomair, forálfar leis na próisis seo, agus iad ag oibriú le chéile, go ndéanfaidh gach scoil:

  • a láidreachtaí agus a laigí reatha a mheasúnú;
  • cuspóirí éifeachtacha agus réalaíocha a leagan síos chun tógáil ar a láidreachtaí agus díriú ar a laigí;
  • a cuid cuspóirí a mhonatóireacht agus a athbhreithniú ar bhonn leanúnach; agus
  • ag deireadh thréimhse an phlean, measúnú a dhéanamh ar a mhéid a bhain sí amach cuspóirí an phlean.

Glacfaidh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta páirt i measúnú thorthaí an Phlean agus tabharfaidh sí comhairle faoi phleananna sa todhchaí. Le linn an phróisis seo, déanfar dea-chleachtais a aithint agus a dhearbhú agus clár tacaíochta a shuíomh cibé áit is gá sin."


Ceanglaíodh Tionscnamh Pleanála d’Fhorbairt Scoile agus pleanála d’fhorbairt scoile le Plean Gníomhaíochta do Sheirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí (2001) na Roinne Oideachais agus Eolaíochta:

“Cigireacht – Príomhsheirbhísí:

  • Bainistiú agus feidhmiú an Tionscnaimh Pleanáil d’Fhorbairt Scoile a chomhordú ag an gcéadleibhéal agus ag an dara leibhéal, leis an gcuspóir feabhas, forbairt agus éifeachtacht scoile a chur chun cinn. 

Seirbhís do Chustaiméirí a Fheabhsú:

Leanfaidh an chigireacht ar aghaidh le:

  • Cultúr feabhsúcháin a chur chun cinn trí ghníomhaíocht Phleanála d’Fhorbairt Scoile a fhorbairt laistigh de scoileanna, lena n-áirítear tacaíocht d’athbhreithniú inmheánach scoile agus próisis féin-luachála.
  • Pleanáil d’Fhorbairt Scoile a chur chun cinn agus a fhorbairt chomh maith le féin-luacháil scoile leis na húdaráis scoile."

D’aithin Ráiteas Straitéise an DES 2001- 2004 (2001) comhpháirt thábhachtach in éifeachtacht oideachasúil mar "cháilíocht cleachtadh múinteoireachta agus timpeallacht scoile ag an gcéadleibhéal agus dara leibhéal, chomh maith le tofacht i dteagasc agus i dtaighde ag an tríú leibhéal. Déanfaidh an roinn, i gcomhar le hoideachasóirí agus gníomhaireacht eile:
  • Tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt leanúnach agus d’fheabhas leathan ar scoileanna trí thionscnamh Phleanáil d’Fhorbairt Scoile agus trí bhainistiú churaclaim agus seirbhísí tacaíochta eile.
  • Luacháil eachtrach neamhspleách ar fheidhmíocht múinteora agus scoile a sholáthar trí, mar shampla, an tionscnamh Luacháil Scoil Iomlán, laistigh de chultúr scoil-bhunaithe féin-athbhreithnithe, pleanála agus feabhsúcháin."

 

Back to top  

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


Íoslódáil

Athbhreithniú Scoile
Plean d'Fhorbairt Bliantúil
Fís/Misean na Scoil
Plean Gnímh
Plean Straitéiseacha
Pleanáil i gcomhair Eagrú Scoile
Pleanáil do Churaclam na Scoile
Straitéisí maidir le Doiciméid Phleanála a Bhainistiú
Scála Rátála do Phleananna Scoile

Back to top

 


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Leabharliosta

  • Catholic Primary School Managers Association (2007), Management Board Members' Handbook, Dublin: CPMSA
  • Combat Poverty Agency (1998), Educational Disadvantage and Early School Leaving, Dublin: Combat Poverty Agency
  • Curriculum Development Unit (2000), Empty Desks: Positive Approaches to Maximising Attendance in Primary Schools, Limerick: Mary Immaculate College
  • Davies, B. & Ellison, L. (1992), School Development Planning, Harlow: Longman
  • Davies, Brent & Ellison, Linda (1999), Strategic Direction and Development of the School, London: Routledge
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (2007), Special Educational Needs, A Continuum of Support, Guidelines for Teachers, Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (2007), Special Educational Needs, A Continuum of Support, Resource Pack for Teachers, Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (2006), Meastóireacht na Pleanála i dTríocha Bunscoil, Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (2005), DEIS (Plean Gnímh do Chuimsií Oideachais) Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (2003), Ag Breathnú ar an Scoil Againne: Cúnamh le haghaidh féinmheasínachta i mbunscoileanna, Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (2002), An Tionscnamh um Phleanáil Fhorbartha Scoile: Tuarascáil Náisiúnta Dul Chun Cinn, Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (2000), Learning-Support Guidelines, Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (1999), Curaclam na Bunscoile, Dublin: Stationery Office
  • An Roinn Oideachais agus Eolaíochta (1999), Developing a School Plan: Guidelines for Primary Schools, Dublin: Stationery Office
  • Diggins, P., Doyle, E. & Herron, D. (1996), Whole School Development, Dublin: Drumcondra and Dublin West Education Centres
  • Dimmock, Clive (2000), Designing the Learning Centred School, London & New York: Falmer Press
  • Eivers, E., Shiel, G. and Shortt, F (2004), Reading Literacy in Disadvantaged Primary Schools, Dublin: Education Research Centre
  • Glendenning, D (1999) Education and the Law, Dublin: Butterworths
  • Government of Ireland (1998), Education Act, Dublin: Stationery Office
  • Government of Ireland (2000), Education (Welfare) Act, Dublin: Stationery Office
  • Handy, C. & Aiken, R. (1990), Understanding Schools as Organisations, London: Penguin Books
  • Hargreaves, A. (1994), Changing Teachers, Changing Times, London: Cassell
  • Hargreaves, A. & Hopkins, D. (1991), The Empowered School: The Management and Practice of Development Planning, London: Cassell
  • Hyland, Áine, (Ed.) (2000), Multiple Intelligences: Curriculum and Assessment Project, Cork: UCC
  • Integrate Ireland Language and Training and Southern Education and Library Board 2007, Toolkit for Diversity in the Primary School, Dublin: IILT and SELB
  • Integrate Ireland Language and Training (2006), Up and Away, A resource book for English language support in primary schools, Dublin: IILT
  • Irish National Teachers' Organisation (2000), Early Years Learning, Dublin: INTO
  • Irish National Teachers' Organisation (1999), An Approach to School Review, Dublin: INTO
  • LDS (2002), School Leadership - A Profile, Leadership Development for Schools: Clare Education Centre
  • Lieberman, A and Miller, L (1999), Teachers - Transforming Their World and Their Work, New York: Teachers College Press
  • MacBeath, John (1999), Schools Must Speak for Themselves, London: Routledge
  • MacGilchrist, B., Mortimore, P., Savage, J. & Beresford, C. (1995), Planning Matters: The Impact of Development Planning in Primary Schools, London: Paul Chapman
  • Mahon, Oliver (2000), The User's Guide to the Education Act, Ennis: Clare Education Centre
  • Murgatroyd, Stephen & Morgan, Colin (1993), Total Quality Management and the School, Buckingham: Open University Press
  • National Council for Curriculum and Assessment (2007), Guidelines for Teaches of Students with General Learning Disabilities, Dublin: NCCA
  • National Council for Curriculum and Assessment (2007), Assessment in the Primary School Curriculum, Guidelines for Schools, Dublin: NCCA
  • National Council for Special Education (2006), Guidelines on the Individual Education Plan Process, Dublin: Government Publications
  • National Parents Council Primary (2004), Working Effectively as a Parent Association, Dublin: NPC
  • O'Brien, S & Vekic, K, (2003) Partnership in our Schools: A Model of Best Practice, Dublin: Centre for Education Services, Marino Institute of Education
  • Prendiville, Patricia (1995), Developing Facilitation Skills: A Handbook for Group Facilitators, Dublin: Combat Poverty Agency
  • Rogers, R. (Ed) (1994), How to Write a School Development Plan, Oxford: Heinemann
  • Stoll, L. & Fink, D. (1996), Changing Our Schools: Linking School Effectiveness and School Improvement, Buckingham: Open University Press
  • Tuohy, David (1997), School Leadership and Strategic Planning, Dublin: ASTI
  • UCC Education Department (2004), Bridging the Gap: Evaluation Report 2004, Cork: UCC
  • Wall, Eugene (2000), Promoting Literacy in Children and Families: A Review of Research, Limerick: Mary Immaculate College
  • Westwood, Peter (1997), Commonsense Methods for Children with Special Needs, London: Routledge

Back to top