|
Seirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna (SFGB)
Oibríonn an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna (SFGB) faoi choimirce Rannóg Oideachais Múinteoirí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus an dualgas príomhúil atá uirthi ná forbairt ghairmiúil leanúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí bunscoile. Bunaíodh an SFGB i mí Mheán Fómhair 2008, nuair a cónascadh iar Chlár Tacaíochta an Churaclaim Bhunscoile (PCSP) agus an tSeirbhís Pleanála um Fhorbairt Scoile (SDPS) chun seirbhís tacaíochta chomhtháite amháin a chruthú don earnáil bhunscoile.
I mí Mheán Fómhair 2009, cuireadh an Clár um Chosc ar Mhí Úsáid Substaintí (SMPP) agus an Clár um Chosc ar Mhí Úsáid Leanaí (CAPP) san áireamh sa sainchúram leathan atá ar an SFGB.
|