Baile arrow Cionníollacha
TÃarmaí & Coinníollacha

Téarmaí agus coinníollacha úsáide an láithreáin

Fáilte chuig ár láithreán gréasáin. Má leanann tú le brabhsáil agus úsáid an láithreáin seo glacann tú leis na téarmaí agus na coinníollacha seo a chomhlánú agus le bheith faoi cheangal acu. Rialaíonn na coinníollacha seo, mar aon lenár ráiteas príomháideachais, an gaol a bheidh ag SFGB leat i leith an láithreáin seo.

Baineann na téarmaí "SFGB" agus "sinn" nó "mid" le húinéir an láithreáin a bhfuil a oifig cláraithe ag 14 Bealach Joyce, Páirc Ghnó na Páírce Thiar, Bóthar Nangor, Áth Cliath 12. Baineann an téarma "tú/leat" leis an té a bhíonn ag baint úsáide as, nó ag breathnú ar, an láithreán gréasáin. Tá úsáid an láithreáin gréasáin seo faoi réir ag na téarmaí úsáide seo a leanas:

    • Tá an t-ábhar ar leathanaigh an láithreáin seo á soláthar mar threoir ghinearálta fáisnéise agus úsáide amháin. D’fhéadfadh athrú teacht air gan fógra.
    • Ní ghlacaimid, ná ár ngníomhairí, aon bharánta ná ráthaíocht ar chruinneas, reathacht, feidhmiú, iomláine ná oiriúnacht an eolais agus na n-ábhar atá ar fáil ar an láithreán gréasáin seo d’aon chúis ar leith. Glacann tú leis go bhféadfadh míchruinnis nó earráidí a bheith san eolas agus sna hábhair agus diúltaímd go follasach do dhliteanas i leith aon mhíchruinnis nó earráidí dá mhéid agus is féidir a leithéid a dhéanamh go dleathúil.
    • Is ar do phriacal féin go hiomlán a bhainfidh tú úsáid as aon eolas nó ábhair ar an láithreán seo, agus ní bheidh aon dliteanas orainn ina leith. Is ort féin a bheidh an fhreagracht a dheimhniú go mbíonn aon táirgí, seirbhísí nó eolas a bhíonn ar fáil tríd an ngréasán seo ag freagairt do na sainriachtanais a bhíonn agat.
    • Tá ábhar ar an ngréasán seo a bhfuil úinéireacht nó ceadúnas againn air. Áirítear mar chuid de sin, ach ní ga gur é an t-iomlán é, an dearadh, an leagann amach, an chuma agus na grafaicí. Tá cosc ar aon atáirgeadh seachas a bhfuil luaite sa bhfógra ar chóipcheart, atá mar chuid de na téarmaí agus na coinníollacha.
    • D’fhéadfadh úsáid neamhúdaraithe an láithreáin seo éileamh chun damáistí a ghnóthú agus/nó a bheith ina chion coiriúil.
    • Uaireanta, bíonn naisc ón láithreán gréasáin seo go láithreáin sheachtracha. Cuirtear na naisc seo ar fáil mar áis éascaíochta chun eolas breise a sholáthar duit. Ní hionann sin agus aon léiriú ar ár ndeimhniú ar an/na láithreá(i)n. Níl aon fhreagracht orainn i leith an ábhair sna gréasáin idirlín a bhfuil na(i)sc cruthaithe dó(ibh).
    • Ní ceadmhach duit nasc a chruthú chuig an láithreán seo ó láithreán nó ó dhoiciméad eile [teideal gnó] gan cead i scríbhinn roimh ré.
    • Beidh an úsáid a bhaineann tú as an láithreán gréasáin seo nó aon chonspóid a eascraíonn óna leithéid d’úsáide faoi réir ag dlí na hÉireann.